
An chuid is coitianta de stór focal na Nua Ghaeilge á míniú i mBéarla agus neart samplaí dá n-úsáid. Tá idir chaint bheo na Gaeltachta agus shaibhreas focal ó fhoinsí liteartha na teanga mar aon le téarmaíocht an lae inniu tugtha le chéile san fhoclóir luachmhar seo. Is iad na foirmeacha caighdeánacha atá ar na focail a bhfuil miniú ag gabháil leo. Tá na foirmeacha sin bunaithe ar na rialacha a leagadh síos sa leabhrán Gramadach na Gaeilge agus Litriú na Gaeilge: An Caighdeán Oifigiúil (Baile Átha Cliath 1958-60)